Twitter Facebook Watch Raidio Mhacha Menu

Menu ×

29 Jul 2015

Líofa AM 2Beidh Cairde Teo i gcomhar le CLG Ard Mhacha ag eagrú dianchúrsa Gaeilge saor in aisce mar chuid de Dhianchúrsaí Líofa ar an Satharn 5 Meán Fómhair sa Cheannáras ag an Pháirc Lúthchleasa in Ard Mhacha. Beidh na cúrsaí ar siúl idir 11am agus 4pm agus cuirfear lón ar fáil ar an lá. Ní mór áit a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Seán sean@cairdeteo.com 028 3751 5229. Tá dianchúrsaí Gaeilge á reáchtáil ar fud an tuaiscirt le ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá Líofa, an feachtas a thosaigh an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín ceithre bliana ó shin. Is é an aidhm atá leis an fheachtas Líofa ná daoine a spreagadh tiomantas a thabhairt go ndéanfaidh siad a ndícheall an Ghaeilge a fhoghlaim. Beidh deis do dhaoine clárú leis an fheachtas Líofa ar an lá ach is féidir leat é a dhéanamh roimhré ag an nasc www.liofa.eu.

 

Líofa ÁinínCairde Teo will be organising intensive Irish language courses as part of the Líofa intensive courses being organisied on Saturday 5 September. The Armagh course will be held in the Ceannáras at the Athletic Grounds in Ard Mhacha between 11am and 4pm. Lunch will be provided, but you must book a place beforehand by contacting Seán sean@cairdeteo.com 028 3751 5229. Free Irish language courses are being held across the north of Ireland to celebrate the fourth birthday of the Líofa campaign, which was devised by the Minister for Culture in the northern executice, Carál Ní Chulín. Líofa, which is the Irish word for fluent, aims to encourage people to make a personal commitment to learning the Irish language. Those participating in the Armagh intensive course will have an opportunity to register for the Líofa campaign on the day but you can do so beforehand at the link www.liofa.eu.

Líofa gan 2015