Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Feb 2019
Siúlóid teaghlaigh i bPáirc Loch gCál

Mar chuid de shraith imeachtaí teaghlaigh taobh amuigh, tá Cairde Teo ag eagrú siúlóide teaghlaigh ag Páirc Tuaithe Loch gCál ar an Satharn 23 Feabhra, ag tosú ar 11am. Beidh turas gairid treoraithe ar cheann de na siúlóidí áille agus cuirfear deireadh leis an tsiúlóid ag an pháirc shúgartha le go dtig leis na páistí sult a bhaint as na háiseanna den scoth atá ann. Fáilte roimh theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus roimh theaghlaigh a bhfuil páistí acu ar Ghaelscoileanna.