Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

21 Jul 2020

Beidh Campa Mhacha 2020 ar siúl go fíorúil i mbliana, ag tosú ar an Lá Saoire Bainc ar an Luan 3 Lúnasa le clár spraíúil de ghníomhaíochtaí, de cheardlanna agus de thascanna le linn na seachtaine ar fad. Gach maidin, cuirfear físeán réamhthaifeadta de ghníomhaíochtaí chuig rannpháirtithe, a dtig grianghraif nó físeáin a dhéanamh dá n-iarrachtaí féin agus a chur chuig ceannairí an champa más mian leo. Ar na h-imeachtaí a bheas ann, beidh spórt agus aclaíocht, ealaíon agus ceirdeanna, scéalaíocht, miotaseolaíocht áitiúil, rince Gaelach, amhránaíocht agus ceol, chomh maith le tráth ceisteanna agus biongó beo ar zoom. Cuirfear pacáiste tacaíochta ar fáil do rannpháirtithe ina mbeidh bileoga oibre le roinnt tionscadal dúlra, oidhreachta agus staire, ábhair don ealaíon agus do na ceirdeanna agus naisc shlána chuig leathanaigh youtube agus zoom Campa Mhacha le teacht ar na físeáin agus ar na seisiúin idirghníomhacha. Bígí linn ag Campa Mhacha 2020. Eolas agus sonraí cláraithe ó sean@cairdeteo.com nó ó http://www.cairdeteo.com/ga/events/campa-mhacha-2020/.