Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

23 Apr 2020

Agus na ranganna, clubanna agus imeachtaí Gaeilge curtha siar faoi láthair, tá Cairde Teo ag reáchtáil ciorcal comhrá seachtainiúil le deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh tríd an suíomh agus aip físchomhdhála zoom. Bíonn an ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin ar 7pm agus cuirtear an nasc in airde ar leathanach Facebook uair roimhré. Ní mór do rannpháirtithe bheith cláraithe ar zoom, ar féidir a úsáid ar ríomhaire nó ar ghuthán cliste, agus ní gá ach gliogáil ar an nasc nó ID an chruinnithe agus pasfhocal a chur isteach. Más mian leat bheith páirteach ach níl leathanach agat ar Facebook, is féidir teagmháil a dhéanamh le sean@cairdeteo.com agus cuirfear an nasc chugat.