Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

19 Mar 2020
Mar gheall ar na h-iarrachtaí leis an víreas Covid-19 a cheansú agus an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí scolaíochta de agus le cibé achar a mbeidh na scoileanna druidte, tá cinneadh glactha ag coiste Fheis Ard Mhacha gan an fheis a reáchtáil i mbliana. Cuirfear scéala amach i dtaca le scoláireachtaí Gaeltachta más cuí in am is i dtráth.
 
Tá brón orainn fán ócáid seo bheith ar ceal i mbliana ach tá mé cinnte de do dtuigeann sibh a thábhachtaí is atá sé dúinn uilig na daoine is leochailí sa tsochaí seo a chosaint. Ar ndóigh, tá sé i gceist againn an Fheis a reáchtáil arís ar an bhliain seo chugainn ag an am céanna roimh an Cháisc.
 
Guíonn muid gach rath ar na múinteoirí uilig sa tréimhse seo romhainn agus iad ag iarraidh oideachas a chur ar ár bpáistí ar bhealach nua agus gabhann muid buíochas leo as iad a spreagadh i dtólamh leis an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh agus a chur chun cinn.