Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

30 Apr 2019

Mórchoimisiún nua de chuid Amharclann na Mainistreach á léiriú ag

AN TAIBHDHEARC & AMHARCLANN NA MAINISTREACH

BAOITE

Le DARACH MAC CON IOMAIRE

Stáitse na Péacóige, Amharclann na Mainistreach

 

Dé hAoine 17 – Satharn 25 Bealtaine 2019 @8.00pm

Matinee 25 Bealtaine @ 2pm

 

“…an ciúnas a chreimfeas an ceantar seo –

níos measa ná ceimiceán ar bith…”

 

Tá ríméad ar An Taibhdhearc & Amharclann na Mainistreach an mórchoimisiún nua Gaeilge seo a thabhairt go Baile Átha Cliath i Mí Bealtaine tar éis gur éiridh thar cionn leis i nGaillimh le linn Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2018.

 

“…Slog an ‘Baoite’ agus gabh chuig sárdhráma Mhic Con Iomaire. Script chorraitheach, léiriú físiúil samhlaíoch agus sáraisteoireacht – is fiú go mór freastal ar ‘Baoite’…”

www.tuairisc.ie

 

Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara. Scalann an scéinséir dramatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireann – sícé an chiúnais, sícé an náire agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.

 

Tá Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, tá cinneadh tromchúiseach le tógáil aici – seasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fracála – nó loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.

 

Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite, Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh, agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.

“****

Baoite is a powerful tour-de-force that compels and challenges. It should be on the top of everyone’s list this festival season…”

The Reviews Hub

 

Léirithe i gComhar le:

Foras Na Gaeilge | Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | Comhairle Cathrach na Gaillimhe

 

LETUILLEADH EOLAIS Á FHÁIL NÓ LE AGALLAMH A EAGRÚ DÉAN TEAGMHÁIL LE: Ciara Ní É, Poiblíocht, An Taibhdhearc ar miseciara@gmail.com

 

TICÉID: Róisín McGann, Press Manager, Abbey Theatre on roisin.mcgann@abbeytheatre.ie