Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

11 Dec 2018

Bhí dream maith de Ghaeltheaghlaigh Ard Mhacha le Cairde Teo i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine ag an turas Nollag  le bualadh le Daidí na Nollag agus le blaiseadh a fháil de chuid d’atmaisféar na Nollag.

Thug an grúpa cuairt ar Chultúrlann Mac Adaim Ó Fiaich, an t-ionad Gaeilge ar Bhóthar na bhFál, le h-amharc ar an gheamaireacht Ghaeilge le Cleamairí Ard Mhacha. Bhain a raibh i láthair ardsult as an gheamaireacht agus bhí lúcháir ar chuid de na páistí dul suas ar an ardán le bheith ag ceol, ag rince nó ag aisteoireacht leis na Cleamairí os comhair amharclainne a bhí lán go doras. Ag deireadh na geamaireachta, bhí deis ag na páistí bualadh le Daidí na Nollag le cur i gcuimhne dó fán bhronntanas a bhí siad a iarraidh agus fuair achan duine bronntanas beag uaidh sular imigh siad arís.

I ndiaidh na geamaireachta agus na cuairte ó Dhaidí na Nollag, chuaigh an scaifte as Ard Mhacha ar aghaidh chuig lár na cathrach chuig mhargaí na Nollag ag Halla na Cathrach. Thug siad cuairt ar na seastáin éagsúla agus bhlais siad cuid den réimse mhór bia agus milseáin sular thug siad aghaidh ar an bhaile agus iad sona sásta go raibh lá maith sultmhar caite i gcomhluadar deas Gaelach.