By APNWLNS payday loans

Archive for May 16th, 2012

Is túisce scéal ná deoch in Ard Mhacha

Posted in Uncategorized on May 16th, 2012 by admin – Be the first to comment

Dar leis an nath cainte, is túisce deoch ná scéal ach d’éirigh le muintir Ard Mhacha an nath sin a iompú thart ar na mallaibh ag oíche airneáil a reáchtáil Cairde Teo i gcomhar le Gael-Linn i dTigh Uí Raifeartaigh ar an bhaile. Bhí Cleamairí Ard Mhacha i láthair lena seó úr lánGhaeilge agus bhí meascán de scéalaíocht, d’amhránaíocht agus de cheol. Ba é an chéad uair ag roinnt daoine a bhí i measc an scaifte móir eispéireas a fháil ar na Cleamairí agus chuaigh siad i gcion ar fhoireann teagaisc agus cinnirí choláistí Mhachaire Rabhartaigh agus Bhun an Inbhir a bhí in Ard Mhacha ag lá oiliúna Gael Linn. Bhí seantaithí ag muintir na háite ar na Cleamairí céanna áfach, agus bhí siad chomh tugtha céanna leis an seó speisialta Gaelach seo. Bhí an scéalaí as Lios Iomána , Ciarán Ó Maicín, ann fosta agus bhí a raibh i láthair faoi gheasa ag a chuid scéalta faoi na sióga. Bhí deoch tuillte ag na Cleamairí agus ag Ciarán araon agus leanadh leis an scléip agus an airneán le seisiún ceoil a mhair go maidin. Gabhann Cairde Teo buíochas le Cleamairí Ard Mhacha, le Ciarán Ó Maicín, le Réamonn ó Gael-Linn, le foireann Thigh Uí Raifeartaigh agus le gach duine a tháinig amach le tacú leis an Ghaeilge i lár phríomhchathair ársa Chúige Uladh.

The Irish saying goes is túisce deoch ná scéal (a drink comes before a story) but the people of Armagh managed to turn that saying around at a recent Irish language night organised by Cairde Teo and Gael-Linn in Rafferty’s Bar in the city. The Armagh Rhymers were present with their fantastic new Irish language show and there was a mixture of storytelling, music and song. It may have been the first time for many of those present to experience the Rhymers, but they certainly impressed the teaching staff from the Gaeltacht colleges in Machaire Rabhartaigh and Bun an Inbhir who were in Armagh for a Gael-Linn training day. The locals are well used to the Rhymers now but they certainly enjoyed this special Irish language performance. Lissumon storyteller Ciarán Ó Maicín had those present spellbound at his stories about the fairies. Ciarán and indeed the Rhymers had earned a wee drink and the criac continued with a music session going into the wee hours. Cairde Teo would like to thank the Armagh Rhymers, Ciarán Ó Maicín, Réamonn from Gael-Linn, the staff at Rafferty’s and everyone who came out to support the Irish language in the heart of the ancient capital of Ulster.

Cúrsa B, Bun an Inbhir

Posted in Uncategorized on May 16th, 2012 by admin – Be the first to comment
Tá Cairde Teo i gcomhar le Gael-Linn ag tairiscint roinnt lacáistí 50% do dhaltaí meánscoile in Ard Mhacha a mbeadh suim acu freastal ar Chúrsa B ag Coláiste Bhun an Inbhir. Tosaíonn an cúrsa ar 1ú Iúil agus maireann sé trí seachtaine. Más mian leat leas a bhaint as an ofráil iontach seo, déan teagmháil le Seán ag sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229 roimh an Aoine seo, 18 Bealtaine.
Cairde Teo in conjunction with Gael-Linn are offering a limited number of 50% discounts to students in Armagh who are interested in attending Cúrsa B at Coláiste Bhun an Inbhir. The course begins on 1 July and lasts three weeks. If you would like to avail of this fantastic offer, please contact Seán at sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229 before Friday, 18 May.