By APNWLNS payday loans

Archive for April 5th, 2012

Siúil ag Tobar Phádraig

Posted in Uncategorized on April 5th, 2012 by admin – Be the first to comment
Bhí siúlóid fhada shultmhar ag an ghrúpa Siúil, cumann siúlóide do Ghaeilgeoirí i gContae Ard Mhacha agus i gContae Thír Eoghain ar na mallaibh. Thug an grúpa cuairt ar Thobar Phádraig agus ar Chathaoir Phádraig taobh leis an Chlochar i gContae Thír Eoghain ar an Satharn 31 Márta. Tugtar Cathaoir an Draoi ar an áit fosta, ach is mó an clú atá air mar thobar beannaithe agus is léir go bhfuil neart daoine a chuireann a muinín sa sean-nós seo go fóill nó bhí píosaí éadaí, ribí, airgead, seodra, boinn agus dealbha fágtha mar ofráil. Bhain achan duine a bhí ar an tsiúlóid an-sult as an 4 uaire a chaith siad ag taiscéaladh leo faoin cheantar álainn tuaithe seo i lár chnoic Thír Eoghain, ar thuras taitneamhach a bhí á stiúradh ag an treoraí cumasach Éamonn Ó Flannagáin. Bíonn an grúpa seo ag dul amach a chnocadóireacht uair sa mhí ar an Satharn deireanach de gach mí. Níor labhraíodh oiread agus focal béarla ar an Satharn seo caite ach cuireann an grúpa fáilte roimh fheabhsaitheoirí agus roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge fosta. Is deis iontach í bualadh le Gaeil eile agus cur le do chuid Gaeilge féin agus lá pleisiúrtha a chaitheamh faoin aer i gcomhluadar Gaelach. Beidh an chéad siúlóid eile ann ar an Satharn deireanach den mhí seo, an 28 Aibreán, agus beidh an grúpa ag tabhairt aghaidhe ar na Beanna Boirche. Comhthionscnamh é Siúil idir Comhairle Dhún Geannáin agus na Coirre Críochaí, Cairde Teo in Ard Mhacha agus Cairde Uí Néill in Oileán an Ghuail le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an ghrúpa, is féidir dul i dteagmháil le Seán Ó Maoilsté ar +4428 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com, le Ursula Uí Dhonnaile nó le Gearóid Mac Eoin ag Cairde Uí Néill.

Teach William Carleton

The Irish language walking group Siúil took part in a very enjoyable long walk recently in the hills of County Tyrone. The group from across County Armagh and Tyrone visited St Patrick’s Well and St Patrick’s Chair, just outside Clogher in County Tyrone on Saturday 31 March. The area is also know as the Druid’s Chair but it is better known as a holy well and it is clear that many people still practice the old tradition of leaving pieces of cloth, ribbons, money, jewellery, medals and statues as an offering to St Patrick. The 4 hour walk through the Tyrone countryside was enjoyed by all and special thanks must be extended to our able guide Éamonn Ó Flannagáin who brought us to St Patrick’s Chair as well as William Carleton’s house. The group go hillwalking once a month on the last Saturday of every month and recently climbed Slieve Gullion in February. Although there was no English spoken on Saturday, the group welcomes Irish language learners and improvers too. The walks provide a fantastic opportunity for Irish speakers to meet other Gaels and to improve their Irish, whilst enjoying spending a day in the great outdoors. The next walk will be on the last Saturday of this month, the 28 April, and the group will be heading to the Mournes. Siúil is a joint project bewtween Cairde Teo, Dungannon and Cookstown councils and Cairde Uí Néill in Coalisland and is supported by Foras na Gaeilge. If you would like further information about the group, you can contact Irish language officer with Cairde Teo Seán Ó Maoilsté on +4428 3751 5229 or sean@cairdeteo.com.

Dianchúrsa Gaeilge

Posted in Uncategorized on April 5th, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ar an Satharn 14 Aibreán i bPáirc Lúthchleasaíochta Uí Mhuireagáin in Ard Mhacha idir 11 ar maidin agus 4 tráthnóna. Beidh bunrang, meánrang agus ardrang ar siúl. Beidh costas £10 ar an chúrsa agus cuirfear lón ar fáil. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil nó más mian leat áit a chur in áirithe, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó cuir r-phost chuige ar sean@cairdeteo.com. Bheinn buíoch dá bhféadfadh sibh an scéal a chur ar aghaidh chuig duine ar bith a gcuirfeadh spéis ann.

There will be an Irish language intensive course on Saturday, 14 April, at the Morgan Athletic Grounds in Armagh from 11am to 4pm. There will be a class for beginners, intermediate and advanced levels. The intensive course will cost £10 and this price will include lunch. If you would like more information or if you wish to book a place, please contact Seán on 028 3751 5229 or at sean@cairdeteo.com.