Is túisce scéal ná deoch in Ard Mhacha

Posted in Uncategorized on May 16th, 2012 by admin – Be the first to comment

Dar leis an nath cainte, is túisce deoch ná scéal ach d’éirigh le muintir Ard Mhacha an nath sin a iompú thart ar na mallaibh ag oíche airneáil a reáchtáil Cairde Teo i gcomhar le Gael-Linn i dTigh Uí Raifeartaigh ar an bhaile. Bhí Cleamairí Ard Mhacha i láthair lena seó úr lánGhaeilge agus bhí meascán de scéalaíocht, d’amhránaíocht agus de cheol. Ba é an chéad uair ag roinnt daoine a bhí i measc an scaifte móir eispéireas a fháil ar na Cleamairí agus chuaigh siad i gcion ar fhoireann teagaisc agus cinnirí choláistí Mhachaire Rabhartaigh agus Bhun an Inbhir a bhí in Ard Mhacha ag lá oiliúna Gael Linn. Bhí seantaithí ag muintir na háite ar na Cleamairí céanna áfach, agus bhí siad chomh tugtha céanna leis an seó speisialta Gaelach seo. Bhí an scéalaí as Lios Iomána , Ciarán Ó Maicín, ann fosta agus bhí a raibh i láthair faoi gheasa ag a chuid scéalta faoi na sióga. Bhí deoch tuillte ag na Cleamairí agus ag Ciarán araon agus leanadh leis an scléip agus an airneán le seisiún ceoil a mhair go maidin. Gabhann Cairde Teo buíochas le Cleamairí Ard Mhacha, le Ciarán Ó Maicín, le Réamonn ó Gael-Linn, le foireann Thigh Uí Raifeartaigh agus le gach duine a tháinig amach le tacú leis an Ghaeilge i lár phríomhchathair ársa Chúige Uladh.

The Irish saying goes is túisce deoch ná scéal (a drink comes before a story) but the people of Armagh managed to turn that saying around at a recent Irish language night organised by Cairde Teo and Gael-Linn in Rafferty’s Bar in the city. The Armagh Rhymers were present with their fantastic new Irish language show and there was a mixture of storytelling, music and song. It may have been the first time for many of those present to experience the Rhymers, but they certainly impressed the teaching staff from the Gaeltacht colleges in Machaire Rabhartaigh and Bun an Inbhir who were in Armagh for a Gael-Linn training day. The locals are well used to the Rhymers now but they certainly enjoyed this special Irish language performance. Lissumon storyteller Ciarán Ó Maicín had those present spellbound at his stories about the fairies. Ciarán and indeed the Rhymers had earned a wee drink and the criac continued with a music session going into the wee hours. Cairde Teo would like to thank the Armagh Rhymers, Ciarán Ó Maicín, Réamonn from Gael-Linn, the staff at Rafferty’s and everyone who came out to support the Irish language in the heart of the ancient capital of Ulster.

Cúrsa B, Bun an Inbhir

Posted in Uncategorized on May 16th, 2012 by admin – Be the first to comment
Tá Cairde Teo i gcomhar le Gael-Linn ag tairiscint roinnt lacáistí 50% do dhaltaí meánscoile in Ard Mhacha a mbeadh suim acu freastal ar Chúrsa B ag Coláiste Bhun an Inbhir. Tosaíonn an cúrsa ar 1ú Iúil agus maireann sé trí seachtaine. Más mian leat leas a bhaint as an ofráil iontach seo, déan teagmháil le Seán ag sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229 roimh an Aoine seo, 18 Bealtaine.
Cairde Teo in conjunction with Gael-Linn are offering a limited number of 50% discounts to students in Armagh who are interested in attending Cúrsa B at Coláiste Bhun an Inbhir. The course begins on 1 July and lasts three weeks. If you would like to avail of this fantastic offer, please contact Seán at sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229 before Friday, 18 May.

Gaeltacht scholarships from Armagh GAA

Posted in Uncategorized on May 15th, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh CLG Ard Mhacha ag eagrú scrúduithe le scoláireachtaí a bhronnadh ar bhaill óga CLG sa chontae Déardaoin 24 Bealtaine. Is féidir foirm iarratais a iarraidh ó oifigeach Gaeilge nó rúnaí do chlub. Caithfidh rúnaí an chlub an fhoirm chomlánaithe a chur ar ais chuig Peadar Mac Murchaidh ar irishculturalofficer.armagh@gaa.ie roimh an Aoine 18 Bealtaine.

Armagh GAA will be holding Gaeltacht scholarship exams for GAA members in Armagh on Thursday 24 May. You can get an application form from the Irish language officer or the secretary of your club. The club secretary must return the completed form to Peadar Mac Murchaidh at irishculturalofficer.armagh@gaa.ie before Friday 18 May.

Deireadh Seachtaine sa Ghaeltacht

Posted in Uncategorized on May 4th, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag eagrú deireadh seachtaine siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall ar an 26 agus an 27 Bealtaine. Beidh rogha siúlóide ann ar an Satharn ar a 1. Beidh roinnt againn ag dreapadh na hEaragaile nó beidh siúlóid níos fusa ag Caiseal na gCorr ag bun na hEaragaile. Beidh muid ag freastal ar an Chabaret Craiceáilte oíche Shathairn le Blunderbrau agus neart ceoltóirí eile (€5) agus ag stopadh thar oíche ar an Bhun Bheag. An mhaidin dar gcionn, beidh siúlóid threoraithe againn thart ar an Bhun Bheag agus na Doirí Beaga ar a 11 le blaiseadh a fháil de stair agus de sheanchas an cheantair. Beidh costas £30 ar an turas agus clúdaíonn an praghas sin lóistín agus na siúlóidí. Más rud é nach bhfuil lóistín de dhíth ort, beidh costas £5 ar na siúlóidí. Beidh bus ag imeacht as Ard Mhacha ar 9.30 a chlog maidin Shathairn 26 Bealtaine, agus beidh sé ag stopadh in Oileán an Ghuail agus i mBaile Uí Dhálaigh. Beidh muid ag cur an mionbhus ar fáil saor in aisce ach tá líon teoranta áiteanna ar an bhus agus moltar duit teagmháil a dhéanamh le Seán a luaithe agus is féidir ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com le d’áit a chinntiú.

The Irish language walking group Siúil are organising a walking weekend in the Donegal Gaeltacht on 26 and 27 May. There will be a choice of walks on Saturday, starting at 1. Some of us will be climbing Errigal or there will be a less challenging walk at Caiseal na gCorr at the foot of the Errigal. We will be attending the Cabaret Craiceáilte on Saturday night, where Blunderbrau will feature amongst many other musicians and we will be staying overnight in Bun Beag. The following morning, a guided walk will be organised in Bun Beag and Na Doirí Beaga at 11 to tell us about the history and folklore of the area. The trip will cost £30 and the price includes b&b and the walks. If you wish to take part in the walks, but do not require accomodation or travel, there will be a fee of £5 for the walks. A minibus will be leaving from Armagh at 9.30 on Saturday 26 May and it will stop in Coalisland and Ballygawley. We are providing the minibus at no charge, and as there are a limited number of spaces available, you are advised to contact Seán asap on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com to confirm your place.

Ceiliúradh na Gaeltachta in Ard Mhacha

Posted in Uncategorized on May 3rd, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh oíche shiamsaíochta ar nós na Gaeltachta ar siúl in Ard Mhacha Dé Sathairn 12 Bealtaine i dTigh Chú Chulainn ar an bhaile, le seanchaithe, scéalaithe, ceoltóirí, baird agus neart eile ag tabhairt píosa de thraidisiúin Ghaeltacht Dhún na nGall isteach i lár Ard Mhacha.

Ar an oíche, beidh Cleamairí Ard Mhacha a bhfuil clú orthu ar fud an domhain ag pilleadh ar a gceantar dúchais i ndiaidh roinnt turas atá déanta acu ar fhéilte i Meiriceá, in Oirthear na hEorpa agus sna críocha Ceilteacha i gCymru agus in Albain. Beidh neart scéal agus craic ón seanchaí áitiúil Ciarán Ó Maicín arb as Lios Iomána ó thús é. Agus beidh neart ceoltóirí agus amhránaithe eilelena chinntiú go mbeidh oíche go maidin againn den tsiamsaíocht Ghaelach is fear atá ar fáil sa chontae.

Tá an oíche shóisialta seo á heagrú ag CAIRDE Teo i gcomhar le Comhthionól Ard Mhacha Thiar agus le Gael-Linn agus cuirifidh sí clabhsúr le lá treanála do mhúinteoirí agus cinnirí Choláistí Samhraidh Gael-Linn a reáchtáltar in Ard Mhacha gach bliain. Cuirfear tús leis an cheol ag 8.30pm, beidh saorchead isteach agus beidh fáilte roimh Ghaeilgeoirí, roimh fhoghlaimeoirí agus roimh dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Beidh neart eolais ar fáil ar an oíche do thuismitheoirí nó do dhaoine óga atá ag iarraidh fáil amach faoi na coláistí Gaeltachta, faoi scoláireachtaí agus faoi ranganna Gaeilge in Ard Mhacha.

Ar an oíche chéanna, bronnfaidh CAIRDE Teo agus Comhthionól Ard Mhacha Thiar dhá scoláireacht ar bheirt daoine óga as Cathair Ard Mhacha a bheas ag freastal ar choláiste Gaeltachta i nDún na nGall i mbliana.

Armagh will be hosting its very own Gaeltacht-themed night of entertainment on Saturday 12 May in Rafferty’s Cúchullain Bar, with storytellers, musicians, singers, poets and much more bringing a bit of the Donegal Gaeltacht to the heart of Armagh.

The evening will feature the world-renowned Armagh Rhymers who will be returning to their native city following recent tours of festivals in the US, Eastern Europe and the Celtic nations of Wales and Scotland. There will also be storytelling from local seanchaí and Lissumon native Ciarán Ó Maicín. A host  of musicians and singers will ensure an excellent night of Irish entertainment.

The social night is being organised by CAIRDE Teo, the West Armagh Consortium and Gael-Linn and coincides with a Gael-Linn training event for teachers and leaders at the Gaeltacht colleges in Machaire Rabhartaigh and Bun an Inbhir which will take place in Armagh earlier in the day. Music will begin at 8.30pm, admission is free and the evening is open to Irish speakers, learners and non-speakers alike. Plenty of information will be on hand for any parents or young people interested in finding out more about the Gaeltacht colleges, about scholarships or about learning Irish.

CAIRDE Teo and the West Armagh Consortium will also be presenting two scholarship awards on the evening to a pair of young people from Armagh City who will be attending the Gaeltacht colleges in Donegal this summer.

Siúil sna Beanna Boirche

Posted in Uncategorized on April 24th, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag tabhairt cuairte ar na Beanna Boirche Dé Sathairn 28 Aibreán. Beidh muid ag siúl ar Mhíol Mór agus ar Mhíol Beag. Beidh dhá leibhéal siúlóide ann, ceann atá dúshlánach agus ceann atá measartha dúshlánach. Beidh bus ag imeacht ó Dhún Geanainn ar 9.30 agus as Ard Mhacha ar 10.00. Más mian leat bheith linn, ní mór áit a chur in áirithe trí scéal a chur ar ais chuig Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com . Beidh costas £5 ar an tsiúlóid seo. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 10.45 ag Meelmore Lodge atá lonnaithe ar Bhóthar Threasaigh idir Baile Hill agus Áth Bhriain. Mairfidh an tsiúlóid thart ar 3 uair go leith.

Irish language walking group Siúil will be visiting the Mourne Mountains on Saturday 28 April. We will be climbing Meelmore and Meelbeg. There will be two levels, one which is challenging and one which is moderately strenuous. A bus will leave Dungannon at 9.30 and leave Armagh at 10.00. If you would like to join the walk, you should book a place by contacting Seán on 028 3751 5220 or sean@cairdeteo.com. There will be a £5 charge for this walk. The walk will commence at 11.00 at Meelmore Lodge, which is located on the Trassey Road between Hilltown and Bryansford (on Bryansford Road our of Hilltown, take right onto Fofanny Road, left onto Slievenaman Road and right onto Trassey Road at the crossroads. The walk will last approximately three and a half hours.

Comórtas na mBailte Fearainn ar an Ghráinseach

Posted in Uncategorized on April 19th, 2012 by admin – Be the first to comment

Is mór ag pobal tuaithe Uladh ainmneacha na mbailte fearainn nó tugann siad léargas ar stair agus ar oidhreacht na hÉireann. Tá an cás amhlaidh ar an Ghráinseach, paróiste beag tuaithe atá suite taobh amuigh de bhaile Ard Mhacha, agus tá an staraí áitiúil Colm MacGabhann ag déanamh a sheacht ndícheall le ainmneacha bunaidh na mbailte fearainn a chaomhnú agus a chur chun tosaigh sa cheantar.

Tá taighde déanta ag Colm maidir leis na 36 baile fearainn i bparóiste na Gráinsí agus chuir sé amach léarscáil dhátheangach a shonraigh teorainneacha na mbailte fearainn agus a thug na céadainmneacha Gaeilge chomh maith leis an leagan Béarla a tugadh dóibh. Bhí an-éileamh ar na léarscáileanna agus shocraigh Colm gur mhaith leis an tionscadal a fhorbairt agus comórtas nua na mbailte fearainn a chur ar bun le go bhfaighfeadh muintir na háite tuiscint níos fearr ar an stair agus ar an seanchas a bhaineann leis an Ghráinseach.

Shocraigh Colm sraith tráthanna ceist idir dhaoine ó na bailte featainn éagsúla i gcomhar le CAIRDE Teo agus cuireadh tús leo i mí Eanáir ag CLG na Gráinsí. Iarradh ar dhaoine i ngach baile fearainn foireann a chur isteach sa chomórtas agus gheobhaidh an buaiteoir ’Trofaí Sheáin Mhic Uibh Aille’, trófaí atá ainmnithe in ómós iar-ardmháistir clúiteach bhunscoil na Gráinsí a chuir go mór le caomhnú an chultúir agus na hoidhreachta sa cheantar. Beidh babhta ceannais thráth na gceist na mbailte fearainn ar 8.30i.n. Déardaoin 26ú Aibreán i gclubtheach CLG na Gráisí sa bhaile fearainn Tulaigh Uí Dhonnagáin.

Thug an tUasal Mac Gabhann cuireadh do mhuintir na háite teacht amach chuig an imeacht agus tacú lena rogha carthanais mar atá Oispís an Iúir: “Tá fáilte roimh chách chuig an imeacht suimiúil siamsúil seo. Beidh caint ón staraí agus teangeolaí mór le rá Gerry Oates roimh an tráth ceisteanna agus beidh Antaine Ó Donnaile ón BBC i mbun na gceisteanna – fear arb as Eanach Each i bparóiste na Gráinsí féin é. Beidh ceol traidisiúnta ó Ciorcal Comhrá Ard Mhacha i ndiaidh bhronnadh Trófaí Sheáin Mhic Uibh Aille agus cuirfear soláistí ar fáil.

“Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na hurraitheoirí CAIRDE Teo as an tacaíocht leanúnach. Gabhaim buíochas le Brian Mac Uibh Aille a thug urraíocht don trófaí nua in onóir a athar. Bhí mo chlub áitiúil, CPG na Gráinsí iontach cuidiúil agus thairg siad ionad do chomórtas na mbailte fearainn agus tá mé fíorbhuíoch d’Antaine Ó Donnaile, do Ghearóid Ó Machail agus do Martin Mallon as a gcuidiú uilig. Tá an babhta ceannais oscailte do chách agus beidh saorchead isteach, ach iarrtar tabhartas deonach dár rogha carthanais, Oispís an Iúir”.

 

The preservation of townland names is a subject dear to the hearts of many people in rural Ulster as they provide an extremely important window to our oft-forgotten history and heritage. Nowhere is this moreso than in the small rural parish of The Grange, just outside Armagh City, where local historian Colm MacGabhann has made it his mission to keep the indigenous townland names of the area very much to the fore in the minds of the local community.

Colm has researched each of the 36 townlands within Grange parish and subsequently produced an informative bilingual map outlining the boundaries of the townlands and providing the original Gaelic names with English translations. The maps proved to be so popular that he considered it was time to take his project a stage further and inaugurate a townlands competition that would allow people from The Grange and beyond to gain a deeper and more comprehensive knowledge of the intriguing history and folklore that surrounds placenames in the locality.

Whilst the concept of townlands is based on the Gaelic system of land division, it was in the 1600s that they became mapped and defined by the English administration for the purpose of portioning the land for plantation. The first official evidence of the existence of this Gaelic land division system can be found in church records from before the 12th century. The term describes the smallest units of land division in Ireland. These are based upon various different kinds of Gaelic land division, many of which had their own names.

The term baile, anglicised as “bally”, is the most dominant element used in Irish townland names. Whilst today the term “bally” denotes a town or urban settlement, its precise meaning in ancient Ireland is unclear, as towns had no place in Gaelic social organisation. The modern Irish term for a townland is baile fearainn (plural: bailte fearainn). The term fearainn means “land, territory, quarter”—from a Proto-Indo-European root *wer- which is also related to the English word ware, a valuable commodity. The term “townland” in English is derived from the Old English word tun, similar to the Irish word tuath, denoting an enclosure.

The Normans despite not having a serious influence on townland names adapted some of them for their own use, possibly seeing a similarity between the Gaelic baile and the Norman bailey; both of which meant a settlement. Throughout most of Ulster, townlands were known as “ballyboes” from the Irish: baile bó, meaning “cow land”. These represented an area of pastoral economic value.

Beginning in January, Mr MacGabhann, in conjunction with local cultural organisation CAIRDE Teo, coordinated a series of townland quizzes in his local GAA club, An Ghráinseach CPG. People in each townland were asked to nominate a quiz team to represent them in a tournament where the winners would collect the ‘John Vallely Townland Challenge Trophy‘ (named in honour of the legendary former headmaster of the Grange school who contributed so much to the preservation of the culture and heritage of the area).

The popular cross community quiz tournament culminates at 8.30pm on Thursday 26th April in the GAA clubhouse in Tullygoonigan townland – incidentally, the name Tullygoonigan derives from the Irish Tulaigh Uí Dhonnagáin meaning ‘Donnagan’s Hillock‘.

Mr MacGabhann encouraged people to come along to the event and to support his chosen charity Newry Hospice:
“Everyone is welcome to attend what should be a highly informative and entertaining evening. An illustrated talk by celebrated historian and linguist Gerry Oates will precede the quiz itself which will be expertly compered by the BBC’s Dr Antaine Ó Donnaile – himself a proud son of Eanach Each (English: Annahagh) in Grange parish. Traditional music from An Ciorcal Comhrá Ard Mhacha will follow the presentation of the John Vallely Trophy and refreshments will be served.

“I would like to thank our sponsors CAIRDE Teo for being so supportive of the event from the beginning. Thanks also to Brian Vallely for sponsoring the new trophy named in honour of his father. My local club, CPG An Ghráinseach have been extremely helpful throughout in providing a venue for the townlands competition and I am grateful especially to Dr Antaine Ó Donnaile, to Gearóid Ó Machail and to Martin Mallon for their help with delivering the quiz series. The final of the competition is open to everyone and admission is free of charge. Throughout the competition, we have instead been accepting voluntarily donations towards our chosen charity, Newry Hospice”.

Líofa Ard Mhacha

Posted in Uncategorized on April 12th, 2012 by admin – Be the first to comment
Ar mhaith leat go mbeadh Gaeilge líofa ar do thoil agat? Tá CAIRDE Teo, eagraíocht Ghaeilge in Ard Mhacha, ag tabhairt faoi thionscadal nua le Gaeilge labhartha a threisiú ar an bhaile agus le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge in Ard Mhacha, pobal atá ag fás leis i gcónaí.

Le hionad cultúir i lár na cathrach ar na bacáin, tá CAIRDE Teo ag iarraidh daoine a spreagadh le síniú le feachtas an Aire Carál Ní Chuilín Líofa 2015. Beidh CAIRDE Teo ag tacú leis an fheachtas Líofa trí dhíriú ar roinnt foghlaimeoirí ardchaighdeáin atá ag iarraidh ardlíofacht a bhaint amach. Thiocfadh dó go mbeidh deis ag daltaí an tionscadail obair a fháil in Aonach Mhacha, ionad nua cultúir atá beartaithe in Ard Mhacha.

Beidh líon beag daltaí a bhfuil Gaeilge mhaith acu cheana féin ag freastal ar roinnt cúrsaí cónaithe sa Ghaeltacht, áit a mbeidh siad á dtumadh sa teanga le líofacht a fhorbairt agus lena muinín a chothú. Déanfaidh na daltaí roinnt tascanna a dhíríonn ar an Ghaeilge labhartha le linn ceithre dheireadh seachtaine i rith na bliana, agus beidh an chéad cúrsa deireadh seachtaine ar siúl ar an Satharn agus an Domhnach, an 21 agus 22 Aibreán.

Tá an cúrsa seo dírithe ar fhoghlaimeoirí ardranga ó cheantar Ard Mhacha nó orthu siúd atá ag iarraidh bheith ag obair in earnáil na Gaeilge in Ard Mhacha. Beidh an cúrsa á mhaoiniú ag CAIRDE Teo. Tá líon teoranta áiteanna ar fáil ar an chúrsa speisialta seo agus is féidir tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.

Have you ever wished that you could speak Irish like it was your first language?  CAIRDE Teo, the Irish language development organisation based in Armagh City, is embarking on a new project to strengthen spoken Irish and to facilitate the needs of the burgeoning Irish language sector in the city.

With plans afoot to build a new cultural centre in the heart of the city, CAIRDE Teo are encouraging people to sign up to Minister Carál Ní Chuilín’s Líofa 2015 campaign. CAIRDE Teo will be lending their support to the Líofa campaign by identifying a number of proficient Irish learners who are keen to improve their spoken fluency. Those participating in the project may be able to help out or indeed work in the proposed new cultural centre which will be known as Aonach Mhacha.

A select number of students with a good existing level of spoken Irish will attend a number of Gaeltacht residentials where they will be immersed in the Irish language to develop their fluency and confidence in using the language. The students will undertake practical tasks focusing on spoken Irish over four weekends throughout the year, with the first weekend being organised for Saturday and Sunday 21 and 22 April.

This course is aimed at advanced learners from the Armagh area or those who intend to work in the Irish language sector in Armagh and will be funded by CAIRDE Teo. There are a limited number of places available on this unique course and you can obtain more information by contacting Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com.

Ranganna Gaeilge

Posted in Uncategorized on April 12th, 2012 by admin – Be the first to comment

Beidh an chéad téarma eile de na ranganna oíche Gaeilge ag tosú i gColáiste Chaitríona ar an Chéadaoin seo chugainn 18 Aibreán idir 7 agus 8.30. Beidh bunrang, meánrang agus ardrang ann an téarma seo. Más mian leat clarú do na ranganna seo, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó cuir rphost chuig sean@cairdeteo.com.

The next term of the Irish evening classes in St Catherine’s will begin next Wednesday 18 April between 7 and 8.30. There will be a beginners level, intermediate level and advanced level this term. If you would like to sign up and continue on the classes, please contact Seán on 028 3751 5229 or email sean@cairdeteo.com.

Siúil ag Tobar Phádraig

Posted in Uncategorized on April 5th, 2012 by admin – Be the first to comment
Bhí siúlóid fhada shultmhar ag an ghrúpa Siúil, cumann siúlóide do Ghaeilgeoirí i gContae Ard Mhacha agus i gContae Thír Eoghain ar na mallaibh. Thug an grúpa cuairt ar Thobar Phádraig agus ar Chathaoir Phádraig taobh leis an Chlochar i gContae Thír Eoghain ar an Satharn 31 Márta. Tugtar Cathaoir an Draoi ar an áit fosta, ach is mó an clú atá air mar thobar beannaithe agus is léir go bhfuil neart daoine a chuireann a muinín sa sean-nós seo go fóill nó bhí píosaí éadaí, ribí, airgead, seodra, boinn agus dealbha fágtha mar ofráil. Bhain achan duine a bhí ar an tsiúlóid an-sult as an 4 uaire a chaith siad ag taiscéaladh leo faoin cheantar álainn tuaithe seo i lár chnoic Thír Eoghain, ar thuras taitneamhach a bhí á stiúradh ag an treoraí cumasach Éamonn Ó Flannagáin. Bíonn an grúpa seo ag dul amach a chnocadóireacht uair sa mhí ar an Satharn deireanach de gach mí. Níor labhraíodh oiread agus focal béarla ar an Satharn seo caite ach cuireann an grúpa fáilte roimh fheabhsaitheoirí agus roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge fosta. Is deis iontach í bualadh le Gaeil eile agus cur le do chuid Gaeilge féin agus lá pleisiúrtha a chaitheamh faoin aer i gcomhluadar Gaelach. Beidh an chéad siúlóid eile ann ar an Satharn deireanach den mhí seo, an 28 Aibreán, agus beidh an grúpa ag tabhairt aghaidhe ar na Beanna Boirche. Comhthionscnamh é Siúil idir Comhairle Dhún Geannáin agus na Coirre Críochaí, Cairde Teo in Ard Mhacha agus Cairde Uí Néill in Oileán an Ghuail le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an ghrúpa, is féidir dul i dteagmháil le Seán Ó Maoilsté ar +4428 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com, le Ursula Uí Dhonnaile nó le Gearóid Mac Eoin ag Cairde Uí Néill.

Teach William Carleton

The Irish language walking group Siúil took part in a very enjoyable long walk recently in the hills of County Tyrone. The group from across County Armagh and Tyrone visited St Patrick’s Well and St Patrick’s Chair, just outside Clogher in County Tyrone on Saturday 31 March. The area is also know as the Druid’s Chair but it is better known as a holy well and it is clear that many people still practice the old tradition of leaving pieces of cloth, ribbons, money, jewellery, medals and statues as an offering to St Patrick. The 4 hour walk through the Tyrone countryside was enjoyed by all and special thanks must be extended to our able guide Éamonn Ó Flannagáin who brought us to St Patrick’s Chair as well as William Carleton’s house. The group go hillwalking once a month on the last Saturday of every month and recently climbed Slieve Gullion in February. Although there was no English spoken on Saturday, the group welcomes Irish language learners and improvers too. The walks provide a fantastic opportunity for Irish speakers to meet other Gaels and to improve their Irish, whilst enjoying spending a day in the great outdoors. The next walk will be on the last Saturday of this month, the 28 April, and the group will be heading to the Mournes. Siúil is a joint project bewtween Cairde Teo, Dungannon and Cookstown councils and Cairde Uí Néill in Coalisland and is supported by Foras na Gaeilge. If you would like further information about the group, you can contact Irish language officer with Cairde Teo Seán Ó Maoilsté on +4428 3751 5229 or sean@cairdeteo.com.